Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€8.00
Líon:
Ceist Eile Agam Ort
Ceist Eile Agam Ort
ISBN: 9-781-907494-51-2
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cois Life

Cé mhéad leabhar atá sa tsraith The Hunger Games?

Cad a bhí ar cheann Medusa in ionad gruaige de réir mhiotaseolaíocht na Gréige?

Leabhar thráth na gceist (1,000 ceist) don aoisghrúpa 12–14, ag críochnú na bunscoile nó i mbunranganna na hiarbhunscoile, agus ceisteanna bunaithe ar Éirinn lárnach ann.

Áis foghlama agus siamsaíochta araon chun leas a bhaint as an nGaeilge ar mhodh taitneamhach. Is féidir an leabhar seo a úsáid ar scoil, i gclubanna óige, i gcoláistí samhraidh nó sa bhaile.

Is é seo an dara leabhar thráth na gceist le Fionnuala Cloke. Bhí an-ráchairt ar an gcéad cheann, Ceist Agam Ort! (Cois Life, 2007).

Chuidigh An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta le costais tiomsaithe agus margaíochta an tsaothair seo.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir