Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€12.00
Líon:
Deargadaoil i mBád fó Thoinn
Deargadaoil i mBád fó Thoinn
ISBN: 978-1-909367-57-9
Bliain foilsithe: 2012
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

An é seo an chéad úrscéal campais i nGaeilge ó foilsíodh Lig Sinn i gCathú sna seachtóidí? É breactha ag údar a chaith bunáite dhá scór bliain ag obair mar léachtóir i gcoláiste tríú leibhéal. Is leabhar fuinniúil, gaisciúil é seo a mbainfidh cuid mhór daoine sult as. Meafar é an teideal de shaol conspóideach na hollscoile, an fhírinne shuimiúil seachas aoir. Ach cá bhfuil an chumadóireacht agus cá bhfuil an fhírinne?

Sampla cumasach é seo den úrscéal campais, a thugann fogha faoi na boic mhóra atá i gceannas ar na hinstitiúidí acadúla faoi láthair, faoin struchtúr cumhachta atá i bhfeidhm agus faoin gcleachtas áiféiseach atá á bhrú ar an aos léinn.

Leabhar an-taitneamhach, scríofa ag an té a thuig córas áirithe agus ar féidir leis bunús an chórais áirithe sin a mhíniú i mbealach greannmhar agus mealltach.

Pádraic Breathnach ag léamh sleachta ó Deargadaoil i mBád Fó Thoinn, leabhar mhí Dheireadh Fómhair ar ClubLeabhar.com.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir