Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 13 Nollaig 2024 go dtí mí Eanáir 2025.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 13 December 2024 will not be processed until January 2025.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€14.00
Líon:
Bádh B’fhéidir
Bádh B’fhéidir
Seán Ó Muireagáin
ISBN: 9781914482014
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Éabhlóíd

Cuireann Ó Muireagáin saolta osréalacha os ár gcomhair sna scéalta samhlaíocha seo, saolta diostóipeacha, saolta barbartha, saolta a mbíonn an fhírinne á ceistiú iontu agus a mbíonn rian maith den fhíorshaol le sonrú iontu i gcónaí. Scamhann sé siar na scaireanna chun go bhfeice muid faoin chlúdach bréige, ag nochtadh míchothromaíocht an tsaoil seo ina mairimid. Bhuaidh an scéal “An Chóir Chodlata” duais An Mhaolánaigh i gcomórtas litríocht an Oireachtais 2018. Scéal samhlaíoch dea-scríofa a bheireas ar shamhlaíocht an léitheora ón gcéad abairt – Moltóir Oireachtais ag tagairt don Chóir Chodlata.

Is as Uachtar Cluanaí i mBéal Feirste do Sheán Ó Muireagáin. Is scríbhneoir filíochta, amhrán agus gearrscéalta é. Tá 35 bliain caite aige ag obair in earnáil an Ghaeloideachais sna Sé Chontae, mar ghníomhaí, mar mhúinteoir naíscoile agus bunscoile agus, le 20 bliain anuas, mar Oifigeach Comhairleach.

D’fhoilsigh Éabhlóid a chéad chnuasach gearrscéalta Gáire in Éag in 2018.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir