€12.00
Líon:
Geansaithe Móra
Geansaithe Móra
Clúdach: Bog

Buaileann bean ghalánta le seanabhean ar an dtraein, ach ní mar a shíltear a bhítear.

Téann cailín óg ag siopadóireacht, is gan ’fhios ag éinne cá luíonn an bhróg uirthi.

Braitheann bean teanntaithe san óispidéal, ach nuair a thagann a fear céile ar a tuairisc, ní aimsíonn siad na focail chuí.

Ceithre splancscéal is tríocha atá sa chnuasach so, iad go léir fé bhun 1,000 focal. Pléann siad le réimse mór téamaí i saol na mban, idir chumha is ghrá, idir uaigneas is dóchas. Insintí géara gonta, go bhfuil tús, lár agus deireadh leo – cé gur minic go dtosnaíonn siad i lár baill nó go gcríochnaíonn siad go luath. Tá an leabhar so ag cur thar maoil le carachtair bháúla, agus splanc léargais nua á fháilt acu ar an saol.

Tugtar cuireadh duit teacht ag spraoi ar feadh tamaillín i saol na splancscéalaíochta.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir