€11.95
Líon:
Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas
Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas
Nicholas Williams a d’aistrigh go Gaeilge
ISBN: 978-1-78201-125-5
Bliain foilsithe: 2007
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Evertype

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2011

Is seoid de chuid litríocht na bpáistí an leabhar Béarla Alice’s Adventures in Wonderland, a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1865. Is iomaí sin teanga a bhfuil aistriúchán den scéal le fáil inti. Foilsíodh aistriúchán Gaeilge le Pádraig Ó Cadhla (1875–1948) sa bhliain 1922 ach ní fhacthas leagan ar bith eile i nGaeilge go dtí anois.

Is aistriúchán nua ar fad é an leagan seo le Nicholas Williams. K. Verschoyle a rinne na léaráidí le haghaidh aistriúchán Uí Chadhla ach is iad na pictiúir cháiliúla a rinne Sir John Tenniel don chéad eagrán Béarla atá le feiceáil sa leabhar nua seo.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir