€20.00
Líon:
Junior Scrabble - Puzal Ollmhór Urláir do Leanaí
Junior Scrabble - Puzal Ollmhór Urláir do Leanaí
ISBN: 5060058550341
Bliain foilsithe: 2009
Foilsitheoir: Glór na nGael

Is comhthionscnamh é Junior Scrabble idir Glór na nGael agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta. (COGG). Is céim chun cinn í seo i normalú na Gaeilge. Is éard atá i Junior Scrabble ná cluiche míreanna mearaí, móide cluiche foghlamtha litrithe, móide cluichí meaitseála focal (péirí, nithe beo). Cuideoidh cluiche mar seo le teaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge, ar ndóigh ach is áis í chomh maith do theaghlaigh ar mhaith leo cluichí nua a imirt lena bpáistí. Beidh an cluiche an-úsáideach sna naíonáin agus bunranganna ní amháin i nGaelscoileanna agus i scoileanna Gaeltachta ach i scoileanna Béarla fosta. Tá an cluiche seo inchurtha i ngach caoi lena macasamhail i dteangacha eile.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir