Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€13.99
Líon:
Muireann agus an Fharraige Fhiáin
Muireann agus an Fharraige Fhiáin
Le Malachy Doyle agus Andrew Whitson
Clúdach: Crua

Nuair a mhúsclaíonn Muireann maidin amháin, tá an teach folamh. Bhí a hathair amuigh ag iascaireacht ar an fharraige fhiáin is níor fhill sé fós. Tógann sí na rudaí is luachmhaire dá bhfuil aici síos chun an chuain: loicéad práis agus fiche sliogán fínicín beag istigh ann, griangraf dá hathair agus an bhábóg in ansa léi, Nóra. Tá sí chun iad a ofráil don fharraige chun a hathair a fháil ar ais slán sábháilte.

Ach an dtabharfaidh an fharraige fhiáin a hathair agus na haithreacha eile ar ais arís ón turas iascaireachta?

Scéal draíochtach faoi chreideamh, íobairt agus dóchas le húdar ardaitheanta agus le maisitheoir ardiomrá.