Is buachaill grámhar é Caoilte ach bíonn sé i dtrioblóid ó am go ham mar gheall ar na rudaí a dhéanann sé. Nuair a théann an rang ar thuras scoile go Músaem Stair an Dúlra, bíonn Caoilte fiosrach, mar a bhíonn i gcónaí, agus faigheann sé isteach i dtrioblóid arís. Casann Caoilte le hainmhithe coimhthíocha a chuireann eagla air, ach bíonn siad cairdiúil agus réitíonn gach rud amach go maith sa deireadh.
Is leabhar spraíúil é seo atá lán de shamhlaíocht agus lán le léaráidí gleoite a thaitneoidh go mór le páistí idir 6-9 bliain d’aois. Tá Gaeilge shimplí síos tríd a oireann do dhaoine óga atá ag foghlaim Gaeilge.