Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€8.00
Líon:
Cathal - Séideán Sí - Rang a 6
Cathal - Séideán Sí - Rang a 6
ISBN: 978-1-85791-810-6
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: An Gúm

Nuair a bhaineann drochthimpiste d’athair Chathail socraíonn a thuismitheoirí go mbogfaidh siad as Baile Átha Cliath siar go Gaillimh. Cé go bhfuil amhras ar Chathal faoi chinneadh a thuismitheoirí ní deir sé dada leo faoi. Tuigeann sé go bhfuil a thuismitheoirí faoi bhrú. Ach tá Cathal féin faoi bhrú anois agus é ag dul i ngleic lena shaol nua. Tá sé ina chónaí faoin tuath, cé gur buachaill cathrach é. Tá a chairde ar fad i mBaile Átha Cliath agus tá seisean i nGaillimh. Ní fheiceann sé a thuismitheoirí rómhinic de bhrí go bhfuil siad gafa le cúrsaí oibre agus le cúrsaí ospidéil. Agus tá rud éigin aisteach faoin tobar atá istigh i mbuaile síos an bóthar ón teach nua...