€12.50
Líon:
Saol faoi Shráid - An Giotár Nua
Saol faoi Shráid - An Giotár Nua
ISBN: 9780993246500
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

LEABHAR MÓR

Seo’d leagan mór den leabhar seo (thart ar A3) atá feiliúnach do mhúinteoirí, naíolanna agus naíonraí. Tá leagan níos lú den leabhar ar fáil freisin. Féach an bosca ‘formáid eile’

Leabhar bunaithe ar an tsraith teilifíse do leanaí Saol Faoi Shráid atá le feiceáil ar Cúla4 (TG4)

Is breá le Glibín a bheith ag seinm an ghiotáir...ach níl aon ghiotár aige! Socraíonn Ribín giotár a dhéanamh as bruscar dá deartháir Glibín ach is rún atá ann. Cabhraíonn a cairde Dris agus Rocco léi ach tá fearg ar Ghlibín mar nach bhfuil Ribín sásta spraoi leis!

Scéal spraíúil agus spleodrach faoi chairdeas ó Patricia Forde, Kevin O’Boyle agus Meangadh Fíbín, cruthaitheoirí Saol faoi Shráid.

Foilsithe le tacaíocht ó COGG.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir