€8.00
Líon:
Dónall Dána (Horrid Henry) - Sióg na bhFiacla
Dónall Dána (Horrid Henry) - Sióg na bhFiacla
ISBN: 9781784441470
Bliain foilsithe: 2016
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Seans gur chuala tú faoin mbuachaill dána sin Horrid Henry. Anois tá sé in am aithne a chur ar Dhónall Dána, mar atá baiste ar Horrid Henry sa leagan Gaeilge den tsraith cháiliúil le Francesca Simon atá á chur i gcló ag Cló Iar-Chonnacht agus iad maisithe ag Tony Ross. Foilseoidh Cló Iar-Chonnacht cúig leabhar ón tsraith Horrid Henry i mbliana agus cúig cinn eile an bhliain seo chugainn. Tá an tsraith aistrithe go Gaeilge bhreá nádúrtha ag ceathrar ban, Máirín Ní Ghadhra, Gormfhlaith Ní Thuairisg, Caitlín Ní Chualáin agus Marion Ní Shúilleabháin. Is cainteoirí Gaeilge ó dhúchas iad uile agus iriseoirí le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Is é Horrid Henry: Dónall Dána Síog na bhFiacal an tríú leabhar sa tsraith, is í Caitlín Ní Chualáin a d’aistrigh go Gaeilge é agus tá cheithre ghearrscéal san áireamh ann mar atá i ngach leabhar eile sa tsraith. Diabhailín ceart é Dónall Dána. Is buachaill é gur aoibhinn leis cleasa gránna, uafásacha a imirt. Caitheann sé bia thart, sciobann sé rudaí, bíonn sé ag brú, ag soncáil agus ag pinseáil.

Tá ar a laghad fiacail amháin tite ar gach duine i rang Dhónaill Dána – is é sin le rá, gach duine ach amháin Dónall féin. Mura raibh an scéal sách dona, titeann fiacail ar a dheartháir foirfe atá i bhfad níos óige ná é féin. Ní mó ná sásta atá Dónall. Socraíonn sé cleas a imirt ar Shióg na bhFiacla agus féirín a fháil dó féin.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir