€8.00
Líon:
Dónall Dána (Horrid Henry) - Boladh Bréan
Dónall Dána (Horrid Henry) - Boladh Bréan
ISBN: 9781784441661
Bliain foilsithe: 2016
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Seans gur chuala tú faoin mbuachaill dána sin Horrid Henry. Anois tá sé in am aithne a chur ar Dhónall Dána, mar atá baistithe ar Horrid Henry sa leagan Gaeilge den tsraith cháiliúil le Francesca Simon atá á chur i gcló ag Cló Iar-Chonnacht agus iad maisithe ag Tony Ross. Tá sraith Dónall Dána / Horrid Henry aistrithe go Gaeilge bhreá nádúrtha ag meitheal aistritheoirí; Caitlín Ní Chualáin, Máirín Ní Ghadhra, Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Marion Ní Shúilleabháin.

Tá cheithre gearrscéal istigh sa gcnuasach Boladh Bréan atá ar cheann de dheich leabhar ar fad atá ar fáil sa tsraith Horrid Henry : Dónall Dána. Is í Máirín Ní Ghadhra a d’aistrigh Boladh Bréan go Gaeilge. Diabhailín ceart é Dónall Dána. Is buachaill é gur aoibheann leis cleasanna gránna, uafásacha a imirt. Caitheann sé bia thart, sciobann sé rudaí, bíonn sé ag brú, ag soncadh agus ag pinseáil.

Sa gcnuasach seo baineann Dónall Dána leas as pléascán bréantais sa gcogadh fada atá ar bun idir é féin agus Peigí Pusach. Caitheann sé oíche i dteach carad agus ní bhíonn sé ró-shásta leis ach bíonn an-sásamh aige nuair atá Máistreás Máiléad i dtrioblóid leis an bpríomhoide!

Feiliúnach don seomra ranga.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir