Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 13 Nollaig 2024 go dtí mí Eanáir 2025.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 13 December 2024 will not be processed until January 2025.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€7.00
Líon:
An Seachtar Stuama: Rún an tSeanmhuilinn
An Seachtar Stuama: Rún an tSeanmhuilinn
ISBN: 9781784441562
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Aistriúchán go Gaeilge den tsraith ‘The Secret Seven’ le hEnid Blyton. Tá sé leabhar sa tsraith The Secret Seven : An Seachtar Stuama foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht agus iad scríofa i nGaeilge bhreá nádúrtha ag meitheal aistritheoirí.

Díríonn na leaganacha Gaeilge ar an deartháir agus deirfiúr Peadar agus Sinéad, agus a gcairde Jeaic, Cóil, Gearóid, Neansaí agus Bairbre. Le chéile is iad an Seachtar Stuama agus iad faoi réir chun mistéirí a réiteach, ag am ar bith in áit ar bith.

Sa leabhar seo, ‘Rún an tSeanmhuilinn,’ tá Peadar agus Sinéad den tuairim go mbeadh an Seanmhuileann thar a bheith feiliúnach le haghaidh cruinnithe dá gclub rúnda – sin nó go dtugann siad faoi deara go bhfuil earraí goidte á stóráil ann! Cuimhníonn an Seachtar ar sheift chun breith ar na gadaithe nuair a thiocfas siad ar ais. Is í Gormfhlaith Ní Thuairisg a d’aistrigh an leabhar seo go Gaeilge.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir