Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€10.00
Líon:
Teach an Oighir
Teach an Oighir
ISBN: 978-1-901176-92-6
Bliain foilsithe: 2009
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cois Life

Scéal faoi chroíthe leáite agus cairdeas...

Tá Sarah ina cónaí i saol atá lán leac oighir. An Béar Bán an t-aon chara atá aici, agus tugann sé cuairt uirthi uair sa bhliain. Ach bliain amháin ní thagann sé. Ina ionad tá gasúr óg agus cóta mór fionnaidh air. Sa scéal seo, siúlann an léitheoir taobh le taobh le Sarah ar aistear draíochta chuig croílár an chairdis. (Aois 7-10) Léaráidí aoibhne leis an téacs a chuireann gliondar na beatha ann.

Aoife Valley a scríobh agus a mhaisigh an leabhar seo. Rugadh agus tógadh i dTuaisceart Éireann í. Rinne sí staidéar sa mhínealaín i Sasana agus i mBaile Átha Cliath agus chaith sí roinnt blianta ag obair i mbun na n-ealaíon pobail sa Tuaisceart agus i mBaile Átha Cliath. Tá cuid mhór taistil déanta aici i Meiriceá Theas, san Astráil agus san Áis. Scríobh sí Teach an Oighir, a céad scéal do leanaí, sa Téalainn.