Fógra | Notice
Fógra |


Glacfar le horduithe a bhaineann le táirgí de chuid Ghaelchultúir ar siopa.ie go dtí an 17 Nollaig 2019. Glacfar le horduithe a bhaineann le táirgí eile ar siopa.ie go dtí meán lae, an 11 Nollaig 2019. Déanfar aon ordú a gheofar tar éis an ama agus dáta sin a phróiseáil i ndiaidh na Nollag.


Notice |


Orders that relate to Gaelchultúr products will be accepted on siopa.ie until 17 December 2019. Any other orders will be accepted on siopa.ie until midday, 11 December 2019. Any orders placed after that time and date will be processed after Christmas.


We apologise for any inconvenience.
Dún
€15.00
Líon:
Seo, Siúd agus Uile (Leabhar Mór) - Séideán Sí - Rang a Trí
Seo, Siúd agus Uile (Leabhar Mór) - Séideán Sí - Rang a Trí
Rang a Trí
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: An Gúm

Cúrsa comhtháite, taitneamhach, páistelárnach le haghaidh múineadh na Gaeilge atá i Séideán Sí, cúrsa a chuideoidh le forbairt teanga, chognaíoch, mhothúchánach agus shamhlaíoch an pháiste. Is ar an bpáiste féin, ar na riachtanais teanga atá aige/aici agus ar a c(h)uid ábhar spéise atá an phríomhbhéim. Ar scoileanna Gaeltachta agus ar scoileanna lán-Ghaeilge atá an cúrsa dírithe go príomha ach tá sé oiriúnach, leis, do scoileanna eile. Tagann an cúrsa Séideán Sí leis an gcur chuige atá leagtha síos in Curaclam na Bunscoile – Gaeilge (1999). Tá sé bunaithe ar an gcur chuige cumarsáideach agus déantar comhtháthú ann ar an gceithre scil:

  • éisteacht
  • labhairt
  • - léitheoireacht
  • scríbhneoireacht

Foireann dearthóirí curaclaim a bhfuil taithí fada teagaisc acu i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna lán-Ghaeilge agus atá ar iasacht óna gcuid scoileanna atá ag scríobh an ábhair. Comhthionscadalé Séideán Sí idir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus Foras na Gaeilge. Tá an scéim á stiúradh ag Ionad Oideachais Dhún na nGall.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir