Fáilte go leagan Glór na nGael den chluiche Cluedo as Gaeilge, Dúnmharú san Óstán.
Tá Úna Bean Uí Dhuinn marbh, feall déanta uirthí ina hóstán féin, ach cé a rinne an gníomh, cá bhfuair sí bás agus conas a maraíodh í?
‘Sin dúshlán an chluiche seo agus is tusa an bleachtaire atá chun an cás a réiteach. Tá seisear amhrastach, sé sheomra agus sé arm bheaga. Ar do thuras timpeall na seomraí bailigh eolas ó na himreoirí eile, agus déan iarracht an t-eolas a úsáid go cúramach leis an ciontóir a aimsiú.