As Cathair Chorcaí ó dhúchas, d’fhreastail Seosamh Céiteann ar Choláiste na hOllscoile Corcaigh. Chaith sé breis is tríocha bliain ag múineadh na Gaeilge i mBaile Átha Luain sula ndeachaigh sé ar scor sa bhliain 2022.
I measc na leabhar atá foilsithe aige tá Tomás Oileánach (1992) faoin údar Gaeilge mór le rá, an leabhar gramadaí Graiméar don Mheánscoil (Mentor Books 2012) agus bhí sé ina chomhúdar ar an tsraith Maoin (Mentor Books 2009) chomh maith leis an leagan nua den tsraith a foilsíodh sa bhliain 2020.