€35.00
Líon:
Beart do Dhéagóirí
Beart do Dhéagóirí
Clúdach: Bog

Ag iarraidh teacht ar bhronntanais oideachasúla spraíúla do dhéagóir? Taitneoidh an beart seo go mór leo siúd atá idir 12-18 mbliana d’aois agus leis an gcuid eile den teaghlach chomh maith! Tá an beart seo oiriúnach do chainteoirí líofa agus d’fhoghlaimeoirí araon. Tá leagan Gaeilge ar cheann de na leabhair agus ar cheann de na cluichí is mó éileamh ar domhan ar fáil sa bheart áirithe seo.

Seo thíos na táirgí a gheobhaidh tú sa bheart seo do dhéagóirí:

Cluedo as Gaeilge
Bíonn éileamh ar chluichí cláir i gcónaí agus tá rudaí ag éirí níos mistéirí i mbliana le leagan Gaeilge den chluiche mór le rá ‘Cluedo’ - Dúnmharú san Óstán. Tá Úna Bean Uí Dhuinn marbh, feall déanta uirthi ina hóstán féin, ach cé a rinne an gníomh, cá bhfuair sí bás agus conas a maraíodh í?

Sin dúshlán an chluiche seo agus is tusa an bleachtaire atá chun an cás a réiteach. Tá seisear amhrastach ann mar aon le sé sheomra agus sé arm bheaga. Ar do thuras timpeall na seomraí bailigh eolas ó na himreoirí eile, agus déan iarracht an t-eolas a úsáid go cúramach chun an ciontóir a aimsiú.

Na Cailleacha
Tá an dearg-ghráin ag cailleacha ar pháistí. Bíonn boladh caca madra ag teachta uathu, dar leo. Anois tá an Ard-Chailleach Mhór ag iarraidh fáil réidh le gach uile pháiste sa tír — an féidir stop a chur leis na cailleacha? Insítear scéal buachalla chróga agus a mhamó ón Iorua san úrscéal seo le Roald Dahl agus iad ag tabhairt aghaidh ar na cailleacha gránna!

Tá Na Cailleacha ar cheann de na leabhair is mó tóir ó pheann Roald Dahl.