3 Bealtaine, Bistritz — D’fhág mé München ar 8.35 p.m., Lá Bealtaine agus ráinigh mé Vín i moiche maidine arna mhárach; ar 6.46 bhí an traein le bheith ann, ach bhí sí uair an chloig déanach. Níor mhuinín liom dul rófhada ón stáisiún i mBúdaipeist, mar nach raibh an traein istigh in am agus go gcaithfeadh sí bogadh arís mar a bhí beartaithe di. Ba mhalartú Iarthar ar Oirthear liomsa é; bhíomar i measc iarsma smachta na dTurcach iar ndul dúinn thar an droichead is iartharaí de dhroichid dhaingne na Danóibe atá go leathan domhain san áit sin...