Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€14.95
Líon:
Aniar
Aniar
(Leabhar agus CD)
ISBN: 9780955898314
Bliain foilsithe: 2008
Clúdach: Crua
Foilsitheoir: Futa Fata

Leabhar lándaite, le clúdach crua agus dlúthdhiosca ardchaighdeán léiriúcháin. Véarsaíocht á haithris ag triúr aisteoir aitheanta aniar.

Ábhar ó thraidisiún béil na Gaeltachta atá sa leabhar maisiúil seo – dánta, orthaí tairngreachtaí seanfhocail, agus rabhlóga. Tugann Tadhg Mac Dhonnagáin cur síos ar chúlra na bpíosaí agus cuireann se leaganacha Béarla den bhunábhar ar fáil.

Léiriú físiúil ar an véarsaíocht atá sna grianghrafanna le Ceara Conway, agus cloistear aisteoirí ó Chonamara ag aithris na bpíosaí, le tionlacan ceoil ón gcumadóir John Ryan ar an dlúthdhiosca a ghabhann leis an leabhar.

Is iad na hamhráin, b’fhéidir, is mó atá i mbéal an phobail ar na saolta seo, ach tá réimse leathan eile ábhar ann - dánta, orthaí, tairngreachtaí, seanfhocail agus rabhlóga ina measc. Sa leabhar seo cuirtear an seanábhar sin i láthair ar bhealach nua.

Déantar léiriú físiúil ar an véarsaíocht sna grianghraif le Ceara Conway. Cloistear aisteoirí as Conamara ag aithris na bpíosaí ar an dlúthdhiosca a ghabhann leis an leabhar, le tionlacan nuachumtha ceoil agus rithime ón gcumadóir John Ryan.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir