Déanfaidh siopa.ie gach iarracht orduithe a phróiseáil chomh luath agus is féidir. Tá baol ann, áfach, go mbeidh moill ann de dheasca an choróinvíris agus na srianta atá i bhfeidhm timpeall an domhain.
Gabhaimid leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht.
Siopa.ie will make every effort to process orders as quickly as possible. However, there is a risk that an order may be delayed due to the coronavirus and the restrictions in place around the world.
We apologise for any inconvenience.
Dún
Éadaoin
Seacht Snaidhm na Seirce
ISBN: 978-1-909907-68-3
Clúdach: Crua
Is é scéal Éadaoine scéal mór grá na Sean-Ghaeilge, scéal nár mhair ach ina bhlúirí, blúirí i Leabhar na hUidhre, blúirí i Leabhar Buí Leacan. Tá an t-ábhar sin ar fad fite in aon scéal amháin ag Diarmuid Johnson — na bearnaí líonta, agus feoil curtha ar na cnámha —ionas gur sean-eipic nua atá againn atá inchurtha le scéal Héilin na Traí, nó le scéal Tristan agus Íosóid.
Bean de shliocht éanlaith an tsí í Éadaoin. Í seal i measc na neamhbhuan abhus, seal i measc na mbuan i mBrí Léith. Is í ba bhanchéile d’Eochaidh Rí na Teamhrach. Ach is do Mhidhir a thug sí grá a croí, do Mhidhir an tsí, Midhir Bhrí Léith, Midhir na háille agus na mbriathra meala.
Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir
Paul Bolger, Barry Devlin
€12.00
Charlotte Guillain, Steve Dorado
€5.00
prev
next