Fógra | Notice
Fógra |


Tá siopa.ie ag feidhmiú arís agus táimid ag déanamh gach iarracht na horduithe a phróiseáil chomh luath agus is féidir.


D’fhéadfadh sé tarlú, áfach, go mbeadh moill ar d’ordú de dheasca na srianta atá i bhfeidhm faoi láthair. Gabhaimid leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht.


Notice |


Siopa.ie is open and we are doing our very best to process orders as quickly as possible.


It is possible, however, that delivery time for your order may be longer than usual as a result of the current restrictions. We apologise for any inconvenience.
Dún
€9.00
Líon:
I mBéal na Farraige
I mBéal na Farraige
ISBN: 1-900693-84-4
Bliain foilsithe: 1997
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

“Bailiúchán gleoite de scéalta agus de sheanchas faoi chúrsaí feamainne ó bhéal na ndaoine.” – The Irish Times

“Más fearr pictiúr ná míle focal – agus focal ná míle pictiúr – seo leabhar a léifidh muintir na Gaeltachta le fonn is le fiosracht, agus is teist mhaith atá ansin ar leabhar Gaeilge ar bith.” – Foinse

Chuir Heinrich Becker (1907–2000) spéis i dtraidisiún béil na hÉireann, agus i 1938 thug sé a aghaidh ar Éirinn le tabhairt faoi staidéar ar an nGaeilge agus ar bhéaloideas na nGael. Chaith sé blianta fada ar thrí oileán Árann agus i gConamara, ag cur barr feabhais ar a chuid Gaeilge agus ag bailiú béaloidis ó na daoine.

Is éard atá sa leabhar seo cuid de na scéalta a thosaigh sé ag bailiú beagnach seasca bliain ó shin faoi chúrsaí feamainne, faoin bhfarraige agus gach ar bhain léi agus roinnt dá shárshaothar péintéireachta agus grianghrafadóireachta de mhuintir an Iarthair sna 1930idí agus sna 1940idí agus dá saol corrach i mbéal na farraige.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir