€11.99
Líon:
Motherfoclóir
Motherfoclóir
ISBN: 9781786691866
Clúdach: Crua

Mar a thugann an teideal le fios, tá meon greannmhar, comhaimseartha ag an leabhar seo i leith na Gaeilge. Bunaithe ar an gcuntas Twitter cailiúil, @theirishfor, déantar plé ar aistriúcháin ar leith, agus iad eagraithe i gcatagóirí leathana ionas gur féidir ceangailtí suimiúla a dhéanamh eatarthu. Tá an leabhar lán le scéalta agus tuairimí faoin nGaeilge agus faoi Éire féin, chomh maith le cúrsaí teanga go ginearálta. I measc na scéalta tá roinnt cinn pearsanta curtha san áireamh ag an údar maidir lena thaithí féin leis an nGaeilge, agus an gaol a bhí aici le roinnt de na heachtraí is tábhachtaí ina shaol go dtí seo.

Is leabhar é seo a thaitneoidh le héinne atá spéis acu in imeartas focal agus castachtaí na teanga.