Luan Cásca, 1916, ó dhubh na hoíche go dtí Fógra na Poblachta ag nóin mhór an lae, sin is clár ama agus is cnamha don scéal seo. Ach ar chnámha loma na staire cruthaíonn an t-údar fuil agus feoil na beatha, lorgaíonn sé diamhair na pearsantachta, agus féachann sé le téama an Aiséirí a léiriú sa chiall is domhaine den fhocal. Tá na céadta caractar ann, mór agus mion. Éiríonn siad chugainn as codladh na mblianta agus an Cháisc le gníomhú acu athuair. Dearcaimid an Lá trína súile, téimid leo ag siúl ar shráideanna an Luain, ag caint, ag argóint, ag ithe agus ag ól, ag snámh, ag brionglódeach, ag máirseáil, ag marú, ag díol is ag ceannach, ag fiach, ag breathnú i ndiaidh na gcailíní, ag bloghadh fuinneoga na Cathrach, ag éisteacht le banna ceoil, ag bearradh feasóige, ag dul in eangacha an bháis. Ba shuim leis an údar na fógraí ar na tramanna, na fisin sna siopaí ban, scríbhneoireacht na malrach ar na leaca, an cú ar an sliabh, an lon dubh faoi bhun a nid, an caisearbhán ag brúchtaíl ón bpluda aníos, an babún graosta ag gnúsachtach sa Sú.