€13.95
Líon:
Cogadh na Reann
Cogadh na Reann
ISBN: 9781782010999
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Evertype

Foilsíodh Cogadh na Reann den chéad uair in 1898 agus meastar gurb é an chéad úrscéal riamh é faoi ionradh eachtrán ar an domhan agus tá sé ar cheann de na húrscéalta ficsean eolaíochta is tábhachtaí dár ceapadh. Athchóiríodh é don raidió, don téatar, agus don chineama, agus is iomaí sin saothar ficsin, de gach saghas, a raibh sé ina inspioráid acu. Mar aon le The Time Machine, The Island of Dr Moreau agus An Chéad-Chuairt ar an nGealaigh, áirítear Cogadh na Reann ar mhórshaothair ficsean eolaíochta H. G. Wells (1866-1946). Foilsíodh in 1934 an t-aistriúchán seo Gaeilge a rinne Leon Ó Broin. Is éard atá san eagrán nua seo leagan caighdeánaithe den aistriúchán sin, arna chur in eagar ag Aibhistín Ó Duibh.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir