Fógra | Notice
Ní phróiseálfar aon ordú ar siopa.ie tar éis an 5 Nollaig 2025 go dtí mí Eanáir 2026.

Guímíd Nollaig mhór mhaith ort!

Go raibh maith agat as do chustam.



Orders placed on siopa.ie after 5 December 2025 will not be processed until January 2026.

We wish you a very happy Christmas!

Thank you for your custom.
Dún
€7.95
Líon:
Luán agus an Mórphianó
Luán agus an Mórphianó
ISBN: 9781906907808
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Futa Fata

Is luch an-cheolmhar é Luán. Is breá leis bheith ina chónaí faoin gCeoláras, áit is féidir leis éisteacht leis an gceolfhoireann ag cleachtadh gach lá. Ba bhreá leis bheith ina measc, ag casadh ceoil do na daoine uaisle, ach níl cead ag luchóga teacht isteach sa halla fiú.

Ach nuair a thagann ceoltóir cáiliúil chun mórphianó a chasadh leis an gceolfhoireann, cuirtear tús le heachtra a athróidh rudaí sa Cheoláras go deo!