Fógra | Notice
Déanfaidh siopa.ie gach iarracht orduithe na Nollag a phróiseáil chomh luath agus is féidir. Tá baol ann, áfach, nach ndéanfar ordú a sheachadadh roimh an Nollaig de dheasca an choróinvíris agus na srianta atá i bhfeidhm timpeall an domhain. Má tá táirge á ordú agat lasmuigh d'Éirinn bí airdeallach ar dhátaí deireanacha seachadta An Post thíos.

Tá dátaí deireanacha seachadta An Post ar fáil anseo.

Glacfar le horduithe in Éirinn a bhaineann le táirgí de chuid Ghaelchultúir ar siopa.ie go dtí an 20 Nollaig 2020. Glacfar le horduithe in Éirinn a bhaineann le táirgí eile ar siopa.ie go dtí meán lae, an 16 Nollaig 2020. Déanfar aon ordú a gheofar tar éis an ama agus an dáta sin a phróiseáil i ndiaidh na Nollag.

Siopa.ie will make every effort to process Christmas orders as quickly as possible. However, there is a risk that an order may not be delivered before Christmas due to the coronavirus and the restrictions in place around the world. If you are placing an order from outside of Ireland please be aware of the last postal dates with An Post below.

Last postal dates with An Post here.

Orders within Ireland that relate to Gaelchultúr products will be accepted on siopa.ie until 20 December 2020. Any other orders within Ireland will be accepted on siopa.ie until midday, 16 December 2020. Any orders placed after that time and date will be processed after Christmas.
Dún
€7.95
Líon:
Lísín - Ní Banphrionsa mé!
Lísín - Ní Banphrionsa mé!
ISBN: 9781906907846
Bliain foilsithe: 2013
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Futa Fata

Is foghlaí mara í Lísín agus is breá léi a saol. Ach anois tá sí curtha ar scoil na bPáistí Deasa. Tá páistí na scoile sin an-ghalánta go deo! Bíonn siad ag déanamh iontais de Lísín agus a cuid nósanna deasa. Ach is minic go mbíonn Lísín in ann rudaí a mhúineadh do na páistí deasa – agus do na múinteoirí chomh maith!

Lísín – ag caitheamh gúna bándearg? Ní féidir! Ach i ndráma bliantúil Scoil na Páistí Deasa caithfidh Lísín gléasadh mar bhanphrionsa. Ach nuair a fheiceann sí go bhfuil timpiste uafásach ar tí tarlú, ar an gcéad oíche den seó, tuigeann na banphrionsaí bándearga eile nach aon drochrud é foghlaí mara a bheith ina measc...

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir