€8.00
Líon:
Dónall Dána (Horrid Henry) - Saibhreas Sciobtha
Dónall Dána (Horrid Henry) - Saibhreas Sciobtha
ISBN: 9781784441494
Bliain foilsithe: 2016
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Seans gur chuala tú faoin mbuachaill dána sin Horrid Henry. Anois tá sé in am aithne a chur ar Dhónall Dána, mar atá baiste ar Horrid Henry sa leagan Gaeilge den tsraith cháiliúil le Francesca Simon atá á chur i gcló ag Cló Iar-Chonnacht agus iad maisithe ag Tony Ross. Foilseoidh Cló Iar-Chonnacht cúig leabhar ón tsraith Horrid Henry i mbliana agus cúig cinn eile an bhliain seo chugainn. Tá an tsraith aistrithe go Gaeilge bhreá nádúrtha ag ceathrar ban, Máirín Ní Ghadhra, Gormfhlaith Ní Thuairisg, Caitlín Ní Chualáin agus Marion Ní Shúilleabháin. Is cainteoirí Gaeilge ó dhúchas iad uile agus iriseoirí le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Is é Horrid Henry: Dónall Dána Saibhreas Sciobtha an cúigiú leabhar sa tsraith, is í Marion Ní Shúilleabháin a d’aistrigh go Gaeilge é agus tá cheithre ghearrscéal san áireamh ann mar atá i ngach leabhar eile sa tsraith. Diabhailín ceart é Dónall Dána. Is buachaill é gur aoibhinn leis cleasa gránna, uafásacha a imirt. Caitheann sé bia thart, sciobann sé rudaí, bíonn sé ag brú, ag soncáil agus ag pinseáil.

Is aoibhinn le Dónall Dána airgead. Is aoibhinn leis airgead a chomhaireamh. Is aoibhinn leis airgead a bheith aige ina lámh. Is aoibhinn leis airgead a chaitheamh. Níl aige ach fadhb amháin. Ní bhíonn aon airgead aige riamh. Tá a bhoiscín airgid folamh agus ní thabharfaidh a mhuintir d’airgead póca dhó ach 50c in aghaidh na seachtaine. Ach tá plean ag Dónall lena shaibhreas a dhéanamh.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir