Is fuath le Máire Treasa nuair a bhíonn daoine ag goid a cuid rudaí – go háirithe a cuid bia. Ach cé hé an gadaí gránna? Le cúnamh ó Shibéal, tugann Máire Treasa faoin scéal a fhiosrú.
Scéalta an-ghreannmhar faoi charachtar atá lán le diabhlaíocht. Má tá aithne agat ar chat, bainfidh tú an-sásamh as eachtraí Mháire Treasa Mí Abha!
Cuireann leagan Gaeilge Phatricia Mhic Eoin an tsraith Fraincise i láthair le léitheoirí na hÉireann ar bhealach bríomhar agus greannmhar.