€9.95
Líon:
Aifric
Aifric
An leabhar oifigiúil leis an eolas ar fad
ISBN: 9780955098321
Bliain foilsithe: 2008
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Futa Fata

Leabhar oifigiúil na sraithe teilifíse Aifric, an chéad chlár drámaíochta Gaeilge riamh le bheith díolta chuig stáisiúin teilifíse ar fud an domhain.

An-oiriúnach mar ábhar cainte ag leibhéal ar bith den mheánscoil.

Seo leabhar oifigiúil na sraithe teilifíse Aifric — clár grinn TG4 atá tar éis an gradam IFTA don chlár is fearr do dhaoine óga a bhaint dhá bhliain as a chéile, i 2007 agus 2008. Sa leabhar lándaite seo, lán grianghraifeanna agus altanna grinn, tugtar cuireadh isteach duit ar chúl na gceamaraí, le haithne a chur ar réaltaí an chláir, le comhairle grá a fháil ó Aifric is ó Mhaidhc, le fáil amach ó Jimín conas cur isteach ar do chuid múinteoirí.

Agallaimh, cluichí, quiozanna, cócaireacht, fiú! – tá siad ar fad ar fáil sa leabhar iontach seo.